Hao 公開
[search 0]
もっと
Download the App!
show episodes
 
Artwork
 
My podcast is about all sort of Business & Marketing. It aim to o give people insight on different enterprises so that they could make right decision when working with ones. Feel free to listen and share things we know.
  continue reading
 
Artwork

1
HAO’s JFDI

HAO GAO

icon
Unsubscribe
icon
Unsubscribe
月ごとの
 
Sharing my life and work stories connected to my beliefs in: 0. Mindset Comes First; 1. Set No Limit; 2. Size Any Opportunity; 3. Dare To Challenge. Lastly, just fxxking do it!
  continue reading
 
Loading …
show series
 
Ag cruinniú an rialtais ar maidin pléadh an droch-thionchar a d’fhéadadh a bheith ag táillí breise trádála Mheiriceá ar gheilleagair na tíre seo. Sa Dáil, tráthnóna, beidh díospóireacht agus bhóta muiníne i Verona Murphy mar Cheann Comhairle.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Ar maidin inniu san Ard Chúirt bhí an cás faoi chead a bheith ag Airí Stáit freastal ar chruinnithe rialtais le n-éisteacht, ach mar a tharla cuireadh siar an cás go deireadh na míosa. Sé Pa Daly atá ag tabhairt an cháis.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Deir Caoimhe go bhfuil an cogadh cathara atá i Myanmar ag cur as d'iarrachtaí na n-eagras fóirithinte freastal daonúil a dhéanamh ar an bpobal. Tuairiscítear ós cionn 2,700 duine a bheith maraithe sa gcrith talún agus gur gortaíodh ós cionn 4,000 duine eile.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Amárach 'Lá Fuascailte' na Stáit Aontaithe, mar atá an tUachtarán Donald Trump ag tabhairt ar an lá a gcuirfidh sé táillí breise trádála i bhfeidhm ar earraí a allmhaítear chun na tíre. Cén ghlacadh atá lena leagan amach sna Státaí?RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Deir an Taoiseach agus an Tánaiste go mbeadh Éire ag obair go dlúth leis an Aontas Eorpach le dul i ngleic leis na bagairtí atá dá ndéanamh ag Uachtarán Donald Trump na Stáit Aontaithe faoi tháillí breise trádála a thabhairt isteach arú amárach.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Ar maidin inniu chiontaigh cúirt i bPáras Marine Le Pen as airgead a chúigleáil i bParlaimint na hEorpa. D’ordaigh an chúirt go gcuirfí toirmeasc ar Le Pen ó sheasamh mar iarrthóir toghchánaíochta. Cá bhfágfaidh sé sin a mianta d-uachtaránacht na Fraince i dtoghchán 2027?RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Dúirt an tAire Caiteachais Poiblí, Jack Chambers, nach dóigh leis go mbeidh ar an Rialtas gearradh siar ar chaiteachas an Stáit mar fhreagra ar an dochar a d'fhéadfadh na táillí trádála atá dá mbagairt ag an Uachtarán Donald Trump, do gheilleagair na tíre.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Tá Leas-Uachtarán Mheiriceá, JD Vance ag dul go dtí an Ghraonlainn inniu tráth a bhfuil sé ráite arís ag an Uachtarán Trump gur mhaith leis ceannas a thógáil ar an oileán agus go bhfuil sé ag teastáil ó Mheiriceá do shlándáil náisiúnta agus idirnáisiúnta.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Tá sé ráite ag Cumann Ailse na hÉireann nár mhór dhóibh €30 milliún a bhailiú i mbliana mar nach raibh an oiread éileamh ariamh ar a gcuid seirbhísí agus atá faoi láthair. Thug siad an t-eolas agus Lá Lus an Chrom Chinn, an ócáid bhliantúil le airgead a bhailiú don Chumann ar súil inniu.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Aréir sa Dáil, le linn díospóireachta ag Céim an Choiste, tugadh trí uair a chloig le leasaithe a dhéanamh ar Bhille Údarás na Gaeltachta. Bhain an chuid is mó den phlé le toghcháin do bhord an Údaráis. Tá an rialtas ag iarraidh go mbeadh sé chomhalta déag ar an mBord nua, Sinn Féin ag iarraidh Bord 26 comhalta.…
  continue reading
 
Tá an Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar chruinniú mullaigh faoin Ucráin i bPáras na Fraince inniu. Pléifear na bealaí ina bhféadfaí maoirseacht a dhéanamh ar chúrsaí slándála san Ucráin dá mbeadh sos cogaidh sa tír.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Tá olltoghchán le bheith i gCeanada ag deireadh an Aibreáin. Ag fógairt an bhóta, dúirt Mark Carney, Príomh Aire nua Cheanada gur theastaigh toil an phobail uaidh chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí atá dá ndéanamh ag Uachtarán Donald Trump na Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Cheanada.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Sa Dáil, tá sé ráite ag páirtithe agus grúpaí an fhreasúra go dtroidfidh siad an rialtas faoin alúntas cainte atá siad ag iarraidh a thabhairt don ghrúpa réigiúnach Teachtaí Neamhspleácha atá ag tacú leis an rialtas. Amárach sa Dáil, pléfar An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Anocht ar an gclár 7 LÁ, léireofar go raibh múinteoirí neamhcháilithe fostaithe i 98% de bhunscoileanna na tíre anuraidh. Faoi eolas a fuair an clár ón Roinn Oideachais, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise léirítear go raibh 13,540 duine neamhcháilithe fostaithe i mbun múinteoireachta i scoileanna na hÉireann i 2024.…
  continue reading
 
Sa mBreatain, tá sé fógartha ag an seansailéara Rachel Reeves go mbeidh an rialtas ag gearradh 15% de bhuiséad na Stát Sheirbhíse. Baineann an ciorrú le athbhreithniú atá dá dhéanamh ag an rialtas ar chaiteachas san earnáil phoiblí.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Léiríonn tuairisce ón Roinn Dlí agus Cirt gur údar imní do na húdaráis anseo an nasc idirnáisiúnta atá idir antoiscigh ón eite dheis. Tuairiscítear go bhfuil an fear graithe David Hall chun a ainm a chur chun cinn i dtogchán na hUachtaránachta.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
D’fhéadfadh sé go mbeadh an lá inniu cinniúnach don mhéid atá i ndán don Úcráin ina gcogadh leis an Rúis.Tá dhá chruinniú suntasach ar bun, ceann sa mBruiséil le ceannairí an Aontais Eorpaí agus i Londain tá ceannairí míleata ó chuile cheard den Eoraip ag cruinniú le seasamh leis an Úcráin.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Tuairiscítear inniu go bhfuil comhlachtaí cogaisíochta as Meiriceá ag tosaí ag pleanáil agus ag breathnú ar bhealaí le go bhféadfaí a gcuid déantúsaíochta a aistriú ar ais arís go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar gheall ar na bagairtí faoi tháillí breise trádála atá a ndéanamh ag Uachtrán Mheiriceá Donald Trump.…
  continue reading
 
Tá achainí déanta ag Cumann na Meán Mhúinteoirí go nglacfaidh sos ó na hullmhúcháin chun Gaelcholáiste comhoideachais a dhéanamh de Scoil Bhráithre Críostaí Synge i mBaile Átha Cliath 2 chun go rachadh an Roinn Oideachais, údaráis na scoile agus an fhoireann i gcomhairle lena chéile.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Tá go leor cáineadh déanta ar an Scéim Tacaíochta Daonnúil, le teacht i gcabhair ar dhaoine a ndearna Stoirm Eowyn damáiste dá gcuid maoine. Tá daoine ag rá go raibh sé ró-chasta agus gur cuireadh deireadh leis an gcéad chuid den scéim gan dóthain foláirimh a thabhairt don phobal.RTÉ Raidió na Gaeltachta による
  continue reading
 
Tá an-amhras dá léiriú san Úcráin faoin gcomhrá a bhí inné ag Uachtarán na Rúise agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi réiteach shíochánta a fhail ar chogadh na hÚcráine. Inniú, tá sé tugtha le fios ag Volodymyr Zelensky go bhfuil sé sásta freastal ar na cainteanna síochána atá le reáchtáil i Jeddah na hAraibe Sádaí ar an Domhnach.…
  continue reading
 
Tá an rialtas chun Comhairle Naisiúnta Slándála agus Cosanta nua a bhunú, cén bhaint a bheidh ag an gComhairle nua leis na h-iarrachtaí atá san Aontas Eorpach le haghaidh cúrsaí cosanta comónta a dhréachtadh. Tá Banc Ceannais na hÉireann ag tuar go mbeidh titim beag ar an mborradh eacnamaíochta sa tír seo i mbliana.…
  continue reading
 
Loading …

クイックリファレンスガイド

探検しながらこの番組を聞いてください
再生